Skip to main content

Fágann Marbh Láthair – Maruithe agus Marfóirí

  • 0.5 KG:
Praghas

7.50


Deir an soanthocal nach bhfagann marbh lathair, ach is minic a mhaireann scéalta na marbh ina ndiaidh, go háirithe nuair a cuireadh críoch anabaí fhoréigneach leo. Tá go leor de na scéalta sin inste sa leabhar seo.

Ce a rinne ár Mham Trasna, ar crochadh daoine san éagóir astu…? Cérbh é Jack the Ripper…? Céard go direach a bhain do Shar na Rúise is a chlann..? Céard faoi na maruithe cáiliúla a bhain croitheadh as Sasana i ndiaidh an dara cogadh mor? Nach iomas dúnmharú a rinne an stát…? Cén chaoi ar ghin fíoch na dtrioblóidí sléacht seicteach ó thuaidh…? Arbh fhéidir dúnmharú Veronica Guerin a sheachaint?

Is díol spéise le Diarmuid Ó Gráinne ceisteanna da leithéid seo ó bhí sé óg, agus arrann sé iad a fhreagairt anseo. Cioraíonn sé sonraí na maruithe, ceannfháthanna na marfóirí agus an lorg a d’fhág siad ar an saol ó shin. Ni dea-scéalta atá le n-insint aige, ach níor chríonna an mhaise dúinn súil a Chúnadh ar an ngné dhorcha seo de nádúr an duine…

As Aill an Phréachain i gConamara é Diarmuid Ó Grainne. Tá úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht scríofa aige, chomh maith le leabhair ar an litríocht agus stair na fealsúnachta.