Fáinne Geal an Lae
- .4 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Éilís Ní Dhuibhne
- 978184442552
€10.00
Cuimhní cinn agus ficsean measctha tríd atá sa scéal i “Fáinne Geal an Lae”. Leanann sé scéal chailín óg, Róisín, atá ag fás aníos i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i gcaogaidí agus seascaidí an chéid seo caite. Cónaíonn sí lena hathair, a máthair, a deirfiúr Brídín agus a deartháir Conn in uimhir a 9, Bóthar Castar, Raghnallach. Téann said chuig scoil lán-Ghaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Ach ní hionann Raghnallach an t-am sin agus anois. San am sin, teaghlaigh de cuid na haicme oibre ba choitianta i Raghnallach agus ní raibh mórán airgid ag aon duine sa cheantar. Diaidh ar ndiaidh, nochtar do Bhridín gur mar seo atá cúrsaí. Cineál cuimhne cinn a chuireann teacht in inmhe cailín óg i láthair go seoigh.
Rugadh Éilís Ni Dhuibhne i mBaile Átha Cliath i 1954. Is scríbhneoir í le raon leathan saothar.