Féilire 2025 – Dúlra na nDéise
- .4 KG:
- Mireog
€15.00
In stock
Is rogha ghrianghraif é Dúlra na nDéise, a léiríonn an fhásra agus na hainmhithe iontacha a mhaireann i nGaeltacht na nDéise, ag díriú ar phailneoirí an fháil sceiche agus an gháirdín fhiáin.
Tá réimse leathan gnáthóga sa Seanphobal agus sa Rinn, ó na fáil sceacha, na portaigh, na fraochmhánna, an cósta agus na faillteacha, go dtí na feirmeacha agus na gáirdíní. Táimid uile ag tabhairt le fios anois, go bhfuil géarchéim na bithéagsúlachta ar fud na cruinne, Éire san áireamh. In Éirinn faoi láthair tá 1 as 5 speicis i mbaol díothaithe, le caillteanas agus díghrádú gnáthóige mar na príomh-thoscaí.
Tá céimeanna is féidir linn ar fad tógaint chun an scéal a fheabhsú. Tá an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta lonaithe i bPort Láirge, agus tá treoir iontach tugtha acu sa Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí. Leagtar amach ann céimeanna gur féidir linne tógaint chun pailneoirí a chaomhnú, agus fiabheatha eile leis. Chun eolas breise a fháil téigh go dtí na suímh seo:
www.pollinators.ie
www.biodiversityireland.ie