Feirm na nAinmhithe (Animal Farm)
- 0.3 KG:
- Coiscéim
- George Orwell
€12.50
Animal Farm le George Orwell, aistrithe go Gaeilge ag Aindrias Ó Cathasaigh
Tá na hainmhithe ar Fheirm an Mhainéir ag fulaingt le fada faoi thíorantacht an fheirmeora Ceallaigh. Tá súil acu le saol eile, áfach, an fheirm a bheith faoi cheannas na n-ainmhithe féin, saor ó smacht na ndaoine. Éiríonn siad amach, cuireann siad an feirmeoir chun bóthair, agus glacann siad seilbh ar an bhfeirm. Feirm na nainmhithe a thugtar uirthi anois, gach ainmhí comhionann agus ag obair le chéile. An féidir leo an aisling a choinneáil beo? Nó an bhfuil rud eile ar fad ar intinn ag na muca, b’fhéidir…?
Tá taitneamh a bhaint le blianta fada as scéal iontach George Orwell faoi réabhlóid na n-ainmhithe, agus ceachtanna le baint as maidir le réabhlóidí eile. Anois tá Feirm na nAinmhithe le léamh i nGaeilge álainn anseo. Tá scríbhinní le Orwell faoi chúlra an leabhair le fáil mar aguisín, chomh maith le hiarfhocal ag an aistritheoir Aindrias Ó Cathasaigh a fhiosraíonn polaitíocht an scéil





