Skip to main content

Filí Luimnigh gan Iomrá san Ochtú hAois Déag

  • 0.5 KG:
Praghas

15.00


Filíocht an ochtú haois déag, ó chontae is ó chathair Luimnigh, atá sa leabhar seo. Chothaigh údair na ndánta gréasán fileata ina measc féin. Bhíodar seiftiúil, agus nuair nach mbíodh droichead ar fáil thar abhainn théidis i muinín an bháid, ‘ag taobh Sionna ‘chleacht ár saoithe’, i bhfocail duine amháin. Sa bhliain 1731 chuir an bóthar nua dola, a shín ón gCaisleán Nua, trí Ráth Caola is Áth Dara isteach go cathair Luimnigh, áthas orthu, ní foláir, bíodh go raibh orthu íoc as an taisteal. Mhair a gcuid filíochta, a bhuíochas do na scríobhaithe a rinne í a sheachadadh chomh fada ó bhaile leis an gClár, le Corcaigh is le Loch Garman. Is maith go ndearna, mar, bíodh na filí féin áitiúil, is fiú a gcuid filíochta a mheas. Ni mór dúinn gach aon fhoinse ar féidir a theacht air a iniúchadh, más mian linn mentalité an phobail a thuiscint.