Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge
- 0.5 KG:
€20.00
Cnuasach ilúdar d’aistí critice é seo ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge. Tugann údair na n-aistí léargas cuimsitheach ar shaothar filí éagsúla agus rianaíonn na príomhléamha critice a rinneadh ar an bhfilíocht sin go dtí seo. Saothar tábhachtach tagartha é seo do mhic léinn agus do scoláirí a bhfuil suim acu i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge. Tá sé dírithe ar an té nach bhfuil réamheolas cuimsitheach aige cheana ar shaothar na bhfilí ná ar theoiricí liteartha comhaimseartha. Is é an sprioc a bhaineann leis ná filí ár linne agus a saothar a chur in aithne do léitheoirí nua agus do ghlúin úr mac léinn. Tá sé dírithe ar lucht teagaisc agus foghlama ar an tríú leibhéal mar aon le léitheoirí sa ghnáthphobal ar mhaith leo fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge a bhlaiseadh.