Má tá tú ag iarraidh ordú a chur isteach ó thír eile, cuir rphost chugainn le do thoil ag siopa@cnag.ie. / If you are trying to place an order from abroad, please email us siopa@cnag.ie. Shipments to USA suspended. Folaigh
Sraith léachtaí atá san imleabhar seo ó chomhdháil a reáchtáladh faoi choimirce fhoireann na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le comóradh a dhéanamh ar Sheán Ó Ríordáin tríocha bliain i ndiaidh a bháis. Déantar anailís uileghabhálach ar shaothar sárfhile de chuid na haoise seo caite in aistí téagartha ó rogha fhairsing scríbhneoirí.