Skip to main content

Fin de Siècle na Gaeilge – Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa

  • .8 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Brian Ó Conchubhair
  • 9781905560462
Praghas

20.00


Is saothar ceannródaíoch é Fin de Siècle na Gaeilge a dhéanann mionléamh íogair, idirdhisciplíneach ar stair intleachtúil dhioscúrsa na Gaeilge sa tréimhse sin idir deireadh an naoú haois déag agus tús an fichú haois ar a dtugtar an fin de siècle. Mínítear anseo an chaoi a ndeachaigh an fin de siècle Eorpach i bhfeidhm go smior ar Athbheochan na Gaeilge agus an chaoi ar mhúnlaigh tuiscintí conspóideacha Charles Darwin idir idé-eolaíocht, chultúr, theanga agus litríocht í. Tugtar mórthéamaí na linne – meathlú, díothú ciníocha, meascadh agus truailliú fola agus cros-síolrú – chun solais i dtéarmaí na Gaeilge trí anailís a dhéanamh ar chonspóidí móra na hAthbheochana: an cló, na canúintí, an litriú, an ghramadach agus an t-úrscéal.