Fite Fuaite san Fharraige *níl amuigh fós, ag teacht go luath*
- 0.45 KG:
- LeabhairCOMHAR
- Sinéad Ní Scolaí, Serena Scully
- 9781918127027
Praghas
€13.00
Seo í Ophelia, an t-ochtapas ciúin.
Bíonn sí ag damhsa nuair a chloiseann sí tiúin…
Tarlaíonn Bál na Mara gach bliain ach níor fhreastail Ophelia air riamh mar bhí sí róneirbhíseach. Ach an dtiocfaidh athrú ar an scéal i mbliana? An aimseoidh Ophelia cara mara faoi dheireadh?
Scéal lán le croí is ea é seo faoi a bheith cróga in aghaidh dúshláin, faoin gcairdeas, agus faoin damhsa!
Lean an cód MF (QR) ag cúl an leabhair agus éist leis an údar ag léamh an scéil.




