Skip to main content

Folcadán Airciméidis

  • 0.2 KG:
  • Coiscéim
  • Mark Ó Fionnáin
Praghas

€7.50

Stoc ar fáil


Le linn an bhorrtha agus an bhlátha dheireanaigh a tháinig faơi chúrsaí litríochta san Aontas Sóivéadach i ndeireadh na bhfichidí is ea a cuireadh an bhuíon litríochta OBERIU ar bun. Ba iad Daniil Kharms agus Aleksandr Vvedénskii na baill ba thábhachtaí agus ba thásemhaire den ghrúpa seo a mhease gnéithe turgnamhacha éagsúla den litríocht lena chéile, amhail an avant-garde agus an t-osréalachas, an greann dubh agus téatar na héigéille. Ach ní gnáthanstrólaíocht a bhí i saothar OBERIU. Roghnaigh an chinniúint go gcuirfeadh Stálin tús le ré an sceimhle sa tréimhse sin agus finnéithe ba ea lucht OBERIÚ ar an scéin sin. Ina gcuid scríbhneoireachtaí tugann Kharms agus Vvedénskii léargas ar staid na tíre mar a bhí sí san am sin, mar ab ionann, b’fhéidir, cnag ar an doras agus príosún saoil nó an bás. Faoi dheireadh an sceimhle seo bhí lucht OBERIÚ féin nach mór marbh nó ar iarraidh, ach maireann a bhfianaise ar shaol na ré sin ina ndiaidh.

Tá tamall tugtha ag Mark Ó Fionnáin ag múineadh in Éirinn ach faoi láthair tá sé ag teagasc Gaeilge san Ollscoil Chaitliceach i Lublin na Polainne. Tá ábhar aistrithe aige go Gaeilge ón Rúisis agus ón bPolainnis araon.