Fréamh an Eolais
- 1 KG:
- Coiscéim
- Matt Hussey
€20.00
Out of stock
Is díolaim ollmhór eolais i an eolaíocht ar an saol nádúrtha fisiciúil mórthimpeall orainn. Bíonn eolaithe ag saothrú i gcónaí chun an t-eolas seo a bheachtú agus a leathnú amach, ionas go bhfuil réabhlóid leanúnach eolaíochta ar siúl le cúpla céad bliain, agus ag gearú go mór le glúin nó dhó. Go minic, ligeann an t-eolas eolaíoch do dhaoine feiniméin ar leith a stiúradh agus a smachtú ar shlí, agus feidhmeanna tairbheacha a bhaint as na feiniméin sin, a dtugtar teicneolaíochtaí orthu. Díreach mar atá réabhlóid eolaíochta faoi lán seoil, tá réabhlóid teicneolaíochta mar a bheadh taoide faoi gach tír agus geilleagar ar domhan.
Is í príomhaidhm an tsaothair seo raon de théamaí agus téarmaína heolaíochta agus a feidhmeanna iomadúla sa saol a mhíniú ar bhealach atá intuigthe, inúsáidte agus inláimhsithe. Pléitear raon uileghabhálach leathan fo-eolaíochtaí a d’eascair is a d’fhás as iarrachtaí daoine feiniméin éagsúla sa domhan is sa chruinne iontach mórthimpeall orainn a thuiscint. Tá cur síos anseo ar réimse mór teicneolaíochtaí a d’fhorbair daoine thar na cianta chun leas, agus uaireanta aimhleas, a bhaint as eolas eolaíoch. Tá cur síos freisin ar chuid mhaith de na laochra stairiúla a rinne éacht chun eolaíocht agus teicneolaíocht a chur chun cinn sa tír seo agus ar fud an Domhain. Tá plé freisin ar an-chuid táirgí tábhachtacha le feidhmeanna sna healaíona thar na céadta a bhí nó atá bunaithe ar eolaíocht is teicneolaíocht, mar ábhair ar leith, tuiscintí nua, agus ionstraimí is uirlisí oiriúnacha.




