Friedrich Engels – Saothar a Shaoil
- .5 KG:
€10.00
Is suntasach an tionchar a bhí ag Friedrich Engels ar smaointeoireacht agus polaitíocht ar linne. D’aimsigh sé lochtanna bunúsacha ar ár geóras sóisialta, agus ghlac sé páirt ghníomhach i ngluaiseachtai le saol nua a chur ina áit. Ní ábhar staire amháin a shaothar, ach abhar machnaimh ar a bhfuil romhainn féin.
Ba de mhuintir rachmasach é, ach chuir sé a chroí is a anam i gcúis an tsóisialachais ar feadh leathchéad bliain. Scríobh sé lear mór ag cur ar son bunchlaochlú ar an saol, agus nuair a tháinig deis na réabhlóide sheas sé féin sa bhearna baoil. Rinne sé neart oibre in éineacht lena chomrádaí mór Karl Marx, ag cuidiú leis teoiricí an tsóisialachais a shaothrú, ach ba réábhlóidí tábhachtach ar a aghaidh féin é Engels.
Insitear scéal Friedrich Engels anseo: an saol dar de é, an bheatha a bhí aige, an saothar a chuir sé i gcrích, na smaointe a chuir sé chun cinn. Mínítear a chuid smaointe go cuimsitheach sothuigthe sa chéad leabhar a scríobhadh faoi i nGaeilge – teanga a bhí ar eolas aige féin – a chuirfidh go mór lenár gcumas cúrsaían tsaoil, mar a bhí is mar atá, a phlé.
Is scríbhneoir lánaimseartha é Aindrias Ó Cathasaigh, agus cónai air i mBaile Átha Cliath. Scríobh sé Karl Marx: saothar a shaoil, a mhol léirmheastóiri mar “Cuntas follasach díreach neamhchas ar réim is ar smaointe nach bhfuil inghabhála go furasta” agus “as good a short introduction to Marx’s life and thought as I have read”. Tá saothair ar Shéamas Ó Conghaile, Pádraic Ó Conaire agus Máirtín Ó Cadhain i measc a chuid leabhar eile. Is iomai alt leis i geló ar irisí éagsúla, agus scríobh sé script is leabhar na duais-sraithe 1916: Seachtar na Cásca ar TG4.





