Skip to main content

Gaeilge Gan Stró – Lower Intermediate Level (fuaim ar líne)

  • .8 KG:
  • Gaelchultúr
  • Éamonn Ó Dónaill
  • 9780956361417
Praghas

39.95

Stoc ar fáil


Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo muinín a thabhairt do dhaoine, scileanna teanga a mhúineadh dóibh a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla agus cabhrú leo cainteoirí Gaeilge ó áiteanna éagsúla sa tír a thuiscint. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus 100+ comhaid fuaime gur féidir íoslódáil. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na comhaid fuaime a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:
• cur go mór lena líofacht sa Ghaeilge;
• Gaeilge níos cruinne a labhairt;
• cur go mór lena stór focal;
• cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;
• cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;
• tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

Is féidir an leabhar a úsáid leis féin nó leis na comhaid fuaime. Tá na comhráite sa leabhar le cloisteáil ar na comhaid fuaime seo.

 

Clár Ábhair

Aonad 1    Cúlra agus Áit Chónaithe
Unit 1: Background and Where you live

Aonad 2:  An Teaghlach
Unit 2: The Family

Aonad 3: An Teach
Unit 3: The House

Aonad 4: An Saol Oibre
Unit 4:  Working Life

Aonad 5:Laethanta Saoire agus Taisteal
Unit 5:  Holidays and Travel

Aonad 6: Cúrsaí Oideachais

Unit 6: Education

Aonad 7: Mo stíl Mhaireachtála
Unit 7: My lifestyle

Aonad 8: Bia agus Deoch
Unit 8: Food and Drink

Aonad 9: An Saol Laethúil agus an saol Sóisialta
Unit 9: Daily Life and Social Life 

Aonad 10: Siopadóireacht agus Cúrsaí Airgid
Unit 10: Shopping and Money Matters

Aonad 11: Tinneas, Tréithe agus Mothúcháin
Unit 11: Illness, Traits and Emotions

Aonad 12: Coinní agus Socraithe
Unit 12: Appointments and Arrangements

Aonad 13: Teangacha
Unit 13: Languages

Aonad 14: Na Meain Chumarsáide
Unit 14: The Media

Aonad 15: Labhairt faoin am atá Romhainn
Unit 15: Speaking about the Future

Innéacs/Index