Skip to main content

Gallán an Ghúim

  • 0.72 KG:
  • Coiscéim
  • Gearóidín Uí Laighléis
  • 6660012170326
  • 6660012170326
Praghas

12.00

Out of stock


Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge: Mairtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín

B’é Máirtín Ó Cadhain a bhaist “gallán sóibhéadach” ar an Ghúm sa léacht cháiliúil uaidh Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, ach cháintí an Gúm go minic agus go fíochmhar i bhfad roimhe sin, go háirithe ag an bheirt Ghriannach a raibh binb faoi leith acu dó. As sin leathnaigh an tuiscint nárbh fhiú faic an tionscnamh mór seo a raibh an chuid is mó de scríbhneoirítábhachtachta na Gaeilge páirteach ann

Athléamh is ea an leabhar seo ar na tuiscintí seanbhunaithe sin. Féachtar ar an chaidreamh a bhí ag an Ghum le scríbhneoirí na Gaeilge agus déantar mionscrúdú ann ar thriúr scríbhneoirífaoi leith mar eiseamláirí ionadaíocha den chaidreamh sin: Máirtin Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín.

Taighde is ea é seo a léiríonn go soiléir gur breithiúnas éagothrom é an bealach ar féachadh ar obair an Ghúim go dtí seo, ionas go dtig linn a rá go fírinneach gur saothar athscríofa stair na litríochta atá ann