Skip to main content

Geansaithe Móra – Cnuasach Splancscéalta

  • .4 KG:
  • LeabhairComhar
  • Gearóidín Nic Cárthaigh
  • 9781739255169
Praghas

12.00


Buaiteoir – Leabhar na Bliana 2024 ag Gradaim An Post

978-1-7392551-6-9

Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir fé bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháilt acu ar an saol.

Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta.

Molta ag foireann An Siopa Leabhar:

Cnuasach iontach don té atá ag iarraidh muinín léitheoireachta a chothú. Tá gach scéal an-gearr ar fad, rud a fhágann nach gá a bheith imníoch faoin leabhar ar fad a chríochnú – is féidir scéal amháin a léamh agus filleadh air ar ball. Tá stíl álainn ag an údar agus tá an oiread sin téamaí sna scéalta gur cheart go mbeidh rud éigin ann do gach léitheoir.

 

Clár:

  • Ballaí an Tí
  • Ár dTrá go Deo
  • Tonn Teasa
  • Pleananna Ceachta
  • Aire na Fola
  • Abair Scéal
  • Siopadóireacht Sólais
  • A guth binn a mheall mé
  • An Hata Gréine
  • Geansaithe Móra
  • Bogadh
  • Athchóiriú
  • An Bhean Feasa
  • Fuist
  • Carraig Chlíodhna
  • An Iníon eile
  • Col
  • An tÉileamh Deiridh
  • Ficheall
  • Bliain an tSneachta Mhóir
  • Taca
  • Fógra Báis don Té a Bhíodh
  • Iasc ar an Aoine
  • An Lánú Sneachta
  • Ó Mhainséar go Mainséar
  • An Tost
  • Dubh/Dóite
  • Íocshláinte Uí Bhreasáil
  • Taisce fé Thalamh
  • Snáithe a Smaointe
  • Tumadóireacht Domhainfharraige
  • Bród
  • Rialacha an Tí
  • Labhrann Gráinne