Skip to main content

Gearóid Willie Ó Fatharta – Mo Scéal Féin

  • .5 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Gearóid Willie Ó Fatharta
Praghas

15.00


De bhunadh Chois Fharraige i ndeisceart Chonamara an t-údar agus chaith sé blianta ar na misiúin i Meiriceá Theas, sa tSile agus sa Bhrasaíl go háirithe, le hOrd Naomh Colmbán.

Agus é ag seasamh an fhóid don cheart, i measc pobail a bhí fíorbhocht agus céasta ag drugaí agus foréigean, ba mhinic é féin agus na húdaráis in árach a chéile.

Seo scéal a bheatha, óna óige, a ghairm chun na sagartóireachta, agus an chaoi ar thograigh sé a ghairm mar shagart a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar an saol mar fhear pósta le clann.