Skip to main content

Gearr Gonta – Céad Dán le Céad File

  • .3 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Ilúdar
  • 9781784442941
Praghas

15.00


Maireann muid i ré ina bhfuil béim ar an luas is ar an ngontacht agus, dá réir, is cosúil go bhfuil aird agus foighne an duine níos giorra ná riamh agus iad ag tapáil is ag cliceáil ag éadan.

Ar thóir rud éigin eile… nó an chéad mhír eile… Cá bhfágann sé sin an file is a fhocal mar sin? Cá bhfágann an fhilíocht?

Bhí ómós ag an bhfile agus ag an scríbhneoir cruthaitheach riamh don fhocal, don abairt, don chruinneas, don fhírinne. Glactar le focal an fhile.

Níl aon dán sa leabhar seo atá níos faide ná dhá líne dhéag agus tá a bhformhór i bhfad faoina bhun sin. Foilsíodh na dánta seo ar fad cheana i gcnuasaigh de chuid na bhfilí, nó i ndíolaimí ar a laghad i gcás dornán filí nár fhoilsigh cnuasach dá gcuid féin. Is é Micheál Ó Conghaile a roghnaigh na dánta.

Dá ghearr gonta é a líon sea is luachmhaire a méid. Bíonn blas ar an mbeagán, a deirtear, agus cé gur dánta gearra iad seo uilig, ní beag iad na smaointe atá á n-iompar acu.

Go bhfaighe tú blas an bheagáin, go dté tú sa tóir ar a thuilleadh.