Skip to main content

Glór ón Sceilg

  • .5 KG:
  • Cork University Press
  • Mícheál Ua Ciarmhaic, Máirín Nic Eoin (eag.), Mary Shine Thompson (eag.)
  • 9781782050179
Praghas

25.00


Iascaire, feirmeoir, scríbhneoir agus péintéir as Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach é Mícheál Ua Ciarmhaic (1906-2005). Idir 1984 agus 2000, d’fhoilsigh sé ocht leabhar Gaeilge a thugann sárléargas ar shlite beatha agus ar chultúr ceantair agus pobail ar leith. Is iomaícachtra a bhí aige ar muir agus ar tir agus léiríonn a chuid scríbhinní an t-colas doimhin a bhí aige ar an dúlra agus an t-ómós a bhí aige don bheatha fhiáin ina thimpeall.

Is éard atá sa leabhar seo ná ábhar próis agus filíochta a roghnaíodh ó bhunleabhair sin Uí Chiarmhaic, maille le réamhrá léirmhínitheach a chuireann an t-ábhar i gcomhthéacs litríocht na Gaeltachta. Is é an cuspóir a chuir na díolamóirí rompu agus iad ag roghnú an ábhair ná cnuasach tarraingteach ilghnéitheach a chur ar fáil, a léircodh pearsantacht agus saoltuiscint Uí Chiarmhaic agus a dhíreodh aird léitheoirí ar na ceisteanna cultúir agus comhshaoil a bhí tábhachtach đó.

Ba chuma filíocht, prós, scéalaíocht nó seanchas idir lámha aige, bhíMícheál Ua Ciarmhaic ina mháistir ar a cheird. Tá an inniúlacht pinn sin fuinte fáiscthe, le meas agus le grá, as oidhreacht bhéil agus as gaois a sheanmhuintire, ach go n-éiríonn leis a shaothar scríte a threisiú agus a mhaisiú lena ghuth so-aitheanta féin agus leis an gclaonadh ealaíonta a bhí go smior ann. Sa leabhar seo tugann fear Bhaile an Sceilg an léitheoir ar aistear ildathach ar muir agus ar tir, le fiosracht aigne agus le samhlaíocht gan teorainn. Nochtann sé dúinn an tslí a labhrann a phobal féin agus áilleacht na timpeallachta nádúrtha lena anam. Leis an tsúil seilge is dual d’iascaire, éiríonn leis a lion a chur go doimhin i bhfarraige na teanga agus deineann a chuid féin den saibhreas a mhogallaíonn sé inti chun seoda liteartha a mhúnlú agus a bhronnadh orainn. SEÁN MAC AN TSÍTHIGH, IRISEOIR FÍSE, RTÉ/TG4