Gníomh Dóchais – Irisleabhar na Gaedhilge 1882-1909
- .8 KG:
- Coiscéim
- Liam Mac Peaircín
Praghas
€20.00
Ba thuar misnigh agus ‘gníomh dóchais’ na Gaeilge é Irisleabhar na Gaedhilge (1882-1909) don phobal leathan lena linn, agus ní gan dua a dhéanfaí a éacht a shárú. Ba chloch mhíle mhórtasach do lucht scríofa agus léite na litríochta Gaeilge é. D’fhéadfaí a mhaíomh gur chroílár stair na Gaeilge féin é Irisleabhar na Gaedhilge.
Is as An Teampall Uachtarach i dTiobraid Árann do Liam Mac Peaircín ó dhúchas, agus tá cónaí air anois i mBuiríos Léith, in aice le Durlas. Is léachtóir é i Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.





