Skip to main content

Go dtí an Lá Bán (fuaim ar líne)

  • .4 KG:
  • Éabhlóid
  • Ilúdar
Praghas

14.00


Cnuasacht gearrscéalta ó cheathrar scríbhneoirí as Tír Chonaill leis na scéalta go léir ar fáil mar chlosleabhar ar an tsuíomh www.an-la-ban.com áit a bhfuil taifeadtaí de na scéalta á n-aithris ag léitheoirí ó Ghaeltacht an Iarthuaiscirt.

Tá ábhar machnaimh sna gearrscéalta seo agus is cuma cé acu a bhfuil na scéalta ag plé le cúrsaí grá, le foréigean nó le béaloideas, tá meon na mban chun tosaigh iontu. Is toradh iad ar obair an Chiorcail Scríbhneoireachta i nGaoth Dobhair agus tugann an bailiúchán léargas maith ar éagsúlacht agus ar réimse saothair an Chiorcail.

Téigh chuig an suíomh idirlín www.an-la-ban.com le theacht ar na taifid fuaime, nó éist leo mar phodchraoltaí ar na hardáin phodchraolta faoin ainm: Go dtí an Lá Bán.