I dtreo na gCrann
- .4 KG:
- Coiscéim
- Dubhán Ó Longáin
€10.00
Cnuasach cumhachtach ó fhile éirimiúil a thuigeann fios a cheirde agus cumhacht na bhfocal. Tá stíl ghonta shnoite le sonrú ann, teanga shaibhir ach gan mhaisiú, a tharraingíonn an léitheoir isteach i ngach líne. Dar liom gur sa ghontacht atá buaicphointe cruthaitheach Dhubháin Uí Longáin, agus léirítear é sin go soiléir anseo.
Téitear i ngleic le caillteanas, grá, dúchas agus athrú, gan téamaí comhaimseartha a sheachaint: an dianghlasáil, an saol digiteach, caidreamh ar Tinder, agus an t-uaigneas a thagann le scaradh sóisialta ina measc. Dánta iad seo a mheallfaidh go háirithe an t-aos óg agus lucht léinn na n-ollscoileanna.
Ach thar aon ní eile, tá cáilíocht mhothúchánach faoi leith i ndánta an chnuasaigh seo. Tairgeann siad rud éigin nach mbíonn ar fáil go minic, rud a chorraíonn sinn agus a fhanann linn. Tuigeann Ó Longáin “an dathúlacht sa dubh”, ach bíonn gaois agus cineál draíochta le fáil sa doircheacht chéanna. Ní bhíonn de rogha againn ach an mothúchán atá le roinnt aige a bhraistint go doimhin ionainn féin. Ní háibhéil é a rá go mbraithim gur athraíodh cuid díom nuair a bhainim deireadh roinnt dánta amach. Is ealaín go smior é an cnuasach seo.
-An Dr Shane Grant
File, gearrscéalaí, taighdeoir, agus teagascóir Gaeilge é an Conallach Dubhán Ó Longáin. Dhírigh sé a thráchtas PhD ar an Fhiannaíocht agus cuireann sé ailt rialta ar bhéaloideas na hÉireann ar fáil san iris Nós. Tá sé ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Mhá Nuad don bhliain acadúil 2025-26. D’fhoilsigh Coiscéim a chéad chnuasach filíochta, IDEO Locator, sa bhliain 2020 agus seo an dara cnuasach óna pheann.






