Skip to main content

Idir Mhná (Amongst Women)

  • 0.4 KG:
  • Coiscéim
  • John McGahern
  • 6660012140145
Praghas

12.00


Leagan Gaeilge den úrscéal Amongst Women le John McGahern arna aistriú ag Irene Duffy Lynch. An dara cló.

 

Is seanphoblachtach é an Móránach ar athraigh a shaol go deo i laethanta glórmhara Chogadh na Saoirse, nuair a bhí sé féin ina cheannaire cumasach treallchogaíochta. Anois agus é ina shean-aois ar fheirm in iarthar na hÉireann, tá an Móránach ag troid i gcónaílena theaghlach, lena chairde, agus fiú amháin leis féin. Is cráite a bhíonn sé go mion minic agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an am a ghaol lena atá caite. Thar rud ar bith eile, is é a shaol ‘idir mhná dhara bean Róise, lena chlann, agus go háirithe a thriúr iníonacha atá i gceartlár a chruacháis: dúshlán casta an ghrá, agus an faitíos roimhe féin agus daoine eile.

Is sárúrscéal é Idir Mhná, ceann is féidir a léamh go sciobtha ach a fhanfaidh i d’intinn go ceann na mblianta.

San aistriúchán seo ar Amongst Women, tá éirithe le Irene Duffy Lynch dul agus rithimí teanga shaothar McGahern – agus ar ndóigh, an ghontacht ba dhual dó ariam – a bhreith léi. Coinníonn sí teannas torthúil idir caint ba dhual dó ariamh na bpearsan agus an prós reatha. Stil lom shnoite a chleachtann sí ó thús go deireadh, stil nach ndíríonn aire an léitheora ar an meán ach ar an abhar. Ar bhealaí suntasacha, tá sí ag aistriú Béarla McGahern ‘ar ais’ go dtí an teanga dhúchais ónar síolraíodh é. Léiríonn an leagan Gaeilge seo gur féidir le haistritheoir cumasach freastal cóir a dhéanamh agus samhlaíocht rúnda an téacs a thabhairt chun solais. Tá príomhbhua an aistritheora léirithe ag Irene Duffy Lynch anseo: go bhfanann sí dílis don bhuntéacs gan stró na strus á chur uirthi.

-ó réamhrá an Ollaimh Declan Kiberd