Idir Neamh is Talamh
- 0.3 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Joe Steve Ó Neachtain
- 9781784441074
Praghas
€10.00
Coiscéimeanna neamhshaolta i ndubh na hoíche ag coinneáil comhluadair le fear óg ar a bhealach abhaile tar éis céilí; scuaine na marbh ag siúl roimh éirí na gréine; buachaill óg le feiceáil aríst ag a dheartháir blianta fada tar éis a bhá, ach i riocht eile – mar a deir an t-údar féin: “mo leagan fhéin den chineál scéalaíochta a bhíodh ag cur daoine á gcoisreacan fhéin le linn m’óige.” Ach ní síscéalta ná scéalta taibhsí amháin atá sa gcnuasach seo: tá scéalta ann faoi iontais na hóige, faoi uaigneas na seanaoise, faoi theaspach an ghrá. Is suarach an biachlár nach bhfuil éagsúlacht blas air.
Clár:
- Tráth Cairde
- Coipeadh
- Ar Uair an Mheán Oíche
- Tíobhas
- Rúndiamhair
- Mar a Bhí ar dTús
- Torann na gCos
- Cuingir
- Turas na Croise
- An Bhean ó Aonach
- Ó a Mhac go Deo!
- Corp na Fírinne
- Ar Charraig
- Cead na gCos
- Cuimhne an tSeanghasúir
- Idir Neamh is Talamh
- Ríocht na hÉan
- An Fear Glas
- Athplandáil




