Skip to main content

Ilteangach Ilseiftiúil (ar athláimh)

  • 0.3 KG:
Praghas

12.00

Stoc ar fáil


In eagar ag Liam Mac Amhlaigh agus Brian Ó Curnáin. Arlen House. 2012. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht sármhaith, smál ar an bhforchlúdach ón tseilf, leathanaigh glan ar fad.

 

Is iomaí scoláire a shaothraigh i ngort Léann na Gaeilge sna hollscoileanna in Éirinn le tamall de bhlianta. Ach ní hiomaí duine ar éirigh leis máistreacht a bhaint amach go hilteangach ar na réimsí eile de léann na dteangacha Ceilteacha. Thug N. J. A. Williams faoin leithead ilspéise go fonnmhar, agus chaith sé tríocha bliain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag múineadh na Gaeilge agus na dteangacha Ceilteacha araon.

Ar dhuine de na scoláirí Gaeilge is iomráití ag deireadh an fichiú haois, agus fear a d’fhág rian suntasach dearfach ar ghlúine de mhic léinn san ollscoil lena linn, tá trí scór agus deich mbliana le ceiliúradh ag an Ollamh Nicholas Williams in 2012 agus tá féilscríbhinn réitithe in omós dó.

San imleabhar dátheangach seo, tá ocht n-alt déag ar ghnéithe de shaíocht agus léann na Nua-Ghaeilge agus léann na dTeangacha Ceilteacha eile, an Bhreatnais agus an Chornais ach go háirithe, le scoláirí aitheanta i gcóngar agus i gcéin. Sa bhreis orthu sin, tá filíocht mholta ag na filíCaitríona Ní Chléirchín agus Aifric Mac Aodha; aoir ó pheann Ríona Nic Congail; iarfhocal breactha ag Dónall Ó Braonáin agus réamhrá comhthéacsúil scríofa ag an Ollamh Alan Titley.

This bilingual festschrift, prepared in celebration of the 70th birthday of Professor Nicholas Williams, contains eighteen articles on topics of literary and linguistic interest in Modern Irish and other Celtic Languages; Welsh and Cornish in particular.