Inis Ceo – Tomi Ungerer
- .5 KG:
- Dalen Éireann
- Tomi Ungerer
- 9781918665017
Praghas
€9.95
Scéal gleoite lán misnigh is croí é seo ó Tomi Ungerer. In Éirinn atá an scéal suite, áit a bhí an-ghar dá chroí. Deartháir agus deirfiúr iad Finn agus Cara a chónaíonn ar chósta na hÉireann, áit a mbíonn na caoirigh ag innilt ar na cnoic ghlasa, an ghaoth ag búiríl sa simléar, agus ceo liath ag éirí ón bhfarraige. Lá amháin, agus iad ag rámhaíocht sa chuan, titeann brat ceo go tobann agus scuabtar chun siúil iad go trá i bhfad i gcéin. Tagann Finn agus Cara i dtír ar Inis Ceo, áit nár fhill éinne abhaile uaidh riamh. Coinníonn siad a misneach, áfach, agus ní fada go gcastar tiarna mór an oileáin orthu. Is ansin a thagann siad ar rún dochreidte…
Leagan Gaeilge le Meadhbh Ní Eadhra.




