Inis Mara 3 *ag teacht Meitheamh 2026*
- .3 KG:
- LeabhairComhar
- Tristan Rosenstock
- 9781918127034
€12.00
*réamhordú is ea é seo – ní bheidh an leabhar seo ar fáil ná ní chuirfear orduithe amach go dtí Meitheamh 2026*
Tá naimhde gránna Inis Mara, an Santóir agus Smugairle Rónán, ar ais arís agus plean nua acu chun éirí níos saibhre ná riamh. Ach is iad muintir Inis Mara – agus an t-oileán féin – a íocfaidh go daor as. Cuireann an damáiste a chruthaíonn siad saol an oileáin i gcruachás uafásach. Buaileann stoirmeacha láidre an t-oileán níos minice agus níos fíochmhaire mar thoradh ar an athrú aeráide. Agus nuair a thagann laghdú ar líon na mbeach ar an oileán de bharr phleananna na mbithiúnach, is i bhfad in olcas a théann an scéal.
Ní raibh muintir Inis Mara i mbaol chomh huafásach go dtí seo – ach ar sheachain a laoch óg Éabha dúshlán riamh?
Scéal tráthúil é seo, a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus le haire a thabhairt don dúlra do na glúnta atá le teacht. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile go bhfilleann an feall ar an
bhfeallaire.




