Iomramh Aonair – Breandán Ó hEithir
- .5 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Liam Mac Con Iomaire
€25.26 Original price was: €25.26.€20.00Current price is: €20.00.
Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 2001 An honest appraisal in which the essential Breandán is beautifully captured. – Tom Kenny, Galway Advertiser
Bíonn gá ag teanga neamhfhorleathan ar nós na Gaeilge le húdair agus le healaíontóirí a léireoidh agus a mhéadóidh a hacmhainn, agus a thabharfaidh faoina ceiliúradh le fuinneamh agus le fonn. Duine de na pearsana inspioráideacha seo ba ea Breandán Ó hEithir – údar, iriseoir, craoltóir den scoth agus scríbhneoir den scoth, tráchtaire géarchúlseach ar chúrsaí a linne, ar chás na hÉireann ach go háirithe, ar feadh dhá stór bllain no mar sin; fear a cailleadh ró-og agus a raibh an-chaitheamh ina dhiaidh.
Bhí Breandán Ó hEithir siúlach agus scéalach, é ar a chompord le scéal an duine, idir shúgradh is dairire. Bhí cur amach aige ar thíortha éagsúla de bharr tréimhsí a chaith sé ina chónaí iontu nó ar cuairt orthu, agus bhi cur amach aige ar pholaitíocht, ar litríocht agus ar ghnéithe éagsúla de chultúr go leor tíortha eile de bharr fairsinge agus scóipiúlacht a chuid léitheoireachta. Fear é nach raibh a shárú ann, b’fhéidir, maidir lena acmhainn grinn agus é i mbun tráchtaireachta ar shaol is ar scannail an ghoirtín ghíais ar a nglaoitear Éire, ach níor chiallaigh sin nach raibh tuairimí an-daingean aige faoi chóir agus éagóir, nó nach mbíodh sé corraithe faoi chás na cosmhuintire, faoi chás mhuintir na Gaeltachta go háirithe.
Fear casta, más ea, scríbhneoir tábhachtach agus, ar bhealaí áirithe, pearsa phoiblí ag pobal na Gaeilge a bhí i mBreandán Ó hEithir. Ba mhór ar fad é mar dhúshlán tabhairt faoi shaol agus faoi shaothar an oileánaigh ildánaigh chasta seo a ríomh agus a mheas. Ach sin díreach atá déanta sa leabhar seo ag Liam Mac Con lomaire. Leabhar bunúsach is ea an bheathaisnéis chomhthéacsúil seo.
Tá an fear agus an scéal anseo, cinnte, agus gnéithe de shaol inmheánach Uí Eithir nochtaithe den chéad uair i sleachta óna dhialann. Agus, trí chuntas Mhic Con lomaire ar shaol agus ar shaothar Uí Eithir gheibhimid, freisin, léargas luachmhar, leithleach ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn mar a bhísa dara leath den bhfichiú haois. Gearóid Ó Tuathaigh





