Iúir Ársa agus Taibhsí Eile
- 0.05 KG:
€12.00
Stoc ar fáil
Rugadh agus tógadh Mícheál de Barra ar theorainn na Boirne i gCo. an Chláir. Oileadh ina mhúinteoir bunscoile é. Rinne sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an Spáinnis in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus tá Máistreacht san Oideachas aige ó Choláiste na Tríonóide. Chaith sé a shaol oibre mar oideoir in Éirinn and thar lear. Tá sé ar scor anois agus roinneann sé féin agus a bhean chéile, Siobhán, a gcuid ama idir Éire agus an Spáinn. Ghnóthaigh An bóthar go Santiago (Cois Life), a chéad leabhar foilsithe, Gradam Gaeilge Glen Dimplex 2007. Tá dhá leabhar dá chuid foilsithe cheana féin ag Coiscéim – Gaeil i dTir na nGauchos (2009) agus Gaeil faoi Bhratach Eureka (2012). Sa leabhar nua seo, lúir Arsa agus Taibhsí Eile, tá an t-údar agus a bhean ar aistear trí dheisceart na hAlban agus iarthuaisceart Shasana. Castar daoine fíorspéisiúla orthu in áiteanna ardscéimhe – fili, scríbhneoirí, smaointeoirí, caomhantóirí, sealgairí, andúiligh, cneámhairí agus dúnmharfóirí – iad ar fad imithe ar shlí na fírinne le blianta fada.




