Johnny Chóil Mhaidhc
- 0.6 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- 9781784443139
€20.00
Bailiúchán drámaí, filíocht, agallaimh beirte agus amhráin ó pheann Johnny Chóil Mhaidhc tugtha le chéile in aon leabhar amháin. Tá saothar anseo as na leabhair An Tincéara Buí, Buille Faoi Thuairim Gabha, An Cruastóir agus an Mhéar Fhada agus chomh maith le saothar eile neamhfhoilsithe.
B’as Indreabhán i gConamara Johnny Chóil Mhaidhc (1929–2006). Bhí cáil air mar aisteoir, mar dhrámadóir agus ar fhile, ach thar aon ní eile, mar chainteoir tráthúil, greannmhar. Léiríodh a chuid drámaí i hallaí pobail ó cheann ceann na nGaeltachtaí chomh maith le in amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath agus sa Taibhdhearc i Gaillimh. Is iondúil go nglacfadh Johnny féin an phríomhpháirt agus bhíodh cliar láidir aisteoirí Gaeltachta ina theannta agus mheall siad lán an tí chuig gach léiriú. Rinne sé leagan drámatúil de Cré na Cille, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta agus eisíodh ar CDs é ina dhiaidh sin. Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim oinigh air i 2005 agus bhí sé ina bhall d’Aosdána.




