Julian an Mhaighdean Mhara
- .4 KG:
- An Gúm
- Jessica Love
- 9781837200153
Praghas
€9.50
Scéal mothúchánach, mealltach é seo a léiríonn gaol speisialta idirghlúine. Tá Julian iontach tógtha le maighdeana mara agus, fad is atá mamó san fholcadh, déanann sé iarracht culaith mhaighdean mhara a chruthú dó féin. Ach céard a cheapfaidh mamó – ní hamháin faoin bpraiseach atá déanta aige ach faoina garmhac a bheith gléasta ar nós bean? Leabhar lán croí ina nglactar le páiste go díreach mar atá sé agus ina dtugtar tacaíocht dó.
Lá amháin, agus é ar an traein abhaile lena mhamó, feiceann Julian triúr ban gealgháireach atá gléasta go maisiúil galánta. Tá a gcuid gruaige ildaite á séideadh sa ghaoth agus ag bun a ngúnaí tá eireaball éisc. Tá a gcuid áthais tógálach. Nuair a bhaineann Julian an teach amach tá sé fós ag smaoineamh ar an splanc draíochta a chonaic sé ar an traein. Ba mhaith leis gléasadh suas mar mhaighdean mhara ar nós na mban sin ar an traein, agus cromann sé ar a fheisteas snasta féin a chur le chéile.
Ach cad a shílfidh Mamó nuair a fheicfidh sí go bhfuil an teach curtha bunoscionn aige? Nó ceist níos tábhachtaí eile, b’fhéidir. Cad a shílfidh sí den dóigh ar mhian le Julian é féin a chur in iúl?
Leabhar é Julian an Mhaighdean Mhara a chuirfidh gliondar croí ar óg agus aosta. Scríofa agus maisithe go hálainn ag Jessica Love agus aistrithe go slachtmhar ag Shanna Ní Rabhartaigh agus Gillian Mic Ionmhain.




