Skip to main content

Katie agus an Pacáiste Rúnda

  • .33 KG:
  • LeabhairComhar
  • Éadaoin Ní Dhomhnaill
  • 9781739512972
Praghas

12.00


Laethanta saoire an tsamhraidh atá ann agus caitheann Katie a cuid ama ag spiaireacht ar a tuismitheoirí agus ar a deirfiúr, Ríona. Ansin goidtear pacáiste óna Daideo agus tugann Katie agus a cara Páidín faoin bhfiosrúchán. Tá Katie cinnte go mbeidh siad in ann breith ar an ngadaí, ach níl rudaí baileach chomh simplí is a shíleann sí! Faigheann sí amach nach bhfuil i bpacáiste Dhaideo ach an chuid is lú den scéal…

Úrscéal bleachtaireachta do pháistí níos sine/luathdhéagóirí é an leabhar seo, atá lán le haicsean agus le mistéir. Bainfidh léitheoirí óga an-sult as Katie agus a cairde a leanúint agus í ag iarraidh an cás seo a réiteach.