Skip to main content

Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

  • 0.5 KG:
  • LeabhairCOMHAR
  • Caoimhe Nic Lochlainn, Ríona Nic Congáil (Eag.)
  • 9780957159365
Praghas

20.00


Is é seo an dara cnuasach aistí i sraith a bhfuil sé mar aidhm aici léann litríocht agus chultúr na n-óg a phlé agus a fhorbairt. Díríonn údair na n-aistí seo ar ghnéithe iomadúla de chultúr na n-óg: stair na drámaíochta, bunú na naíonraí lán-Ghaeilge agus gnéithe de stair An Ghúim ina measc. Tugtar aghaidh ar an idé-eolaíocht atá de dhlúth agus d’inneach in insintí agus in athinsintí ar an mhiotaseolaíocht agus ar shíscéalta idirnáisiúnta atá dírithe ar pháistí; agus in aistí ar an phopcheol, ar an fhoilsitheoireacht, agus ar an léitheoireacht, pléitear dúshláin an chomhthéacs chomhaimseartha. Déantar anailís freisin ar théacsanna atá dírithe ar dhaoine fásta, gearrscéalta agus lámhscríbhinní araon, le léiriú ar an óige a fháil ó réanna eile.

Foilsíodh an céad leabhar sa tsraith, Codladh Céad Bliain sa bhliain 2012.

I measc údair na n-aistí seo tá Róisín Adams, Claire Marie Dunne, Mairéad Mac Con Iomaire, Tadhg Mac Dhonnagáin, Colm Mac Séalaigh, Máire Mhic Mhathúna, Órla Ní Chuilleanáin, Deirdre Nic Mhathúna, Aisling Ní Dhonnchadha, Éilís Ní Dhuibhne agus Cáit Ní Shiúrtáin.