Skip to main content

Laochra na hÉireann agus na Cluichí Oilimpeacha 1896-1996 (ar athláimh)

  • 0.5 KG:
Praghas

12.00

Stoc ar fáil


Séamus Ware. Coiscéim, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

 

Is iontach an gaisce a rinne Éireannaigh sna Cluichí Oilimpeacha ó athbhunaíodh iad san Aithin in 1896. Go dtí anois ba bheag eolas a bhí ag Gaeil i dtaobh an ghaisce sin. Beidh an scéal ina cheart feasta mar go bhfuil sár-éacht déanta ag an Staraí Oilimpeach, Séamus Ware, sa leabhar seo. Tá eolas thar na bearta tiomsaithe ag an údar i dtaobh na gcluichí agus faoi chúrsaí spóirt go ginearálta. An té ar mhaith leis teacht ar stair lúithnireachta na nGael le céad bliain anuas gheobhaidh sé a bhfuil uaidh anseo. Barr maise ar an leabhar an liosta cuimsitheach de na hÉireannaigh go léir a bhuaigh boinn sna Cluichí Oilimpeacha faoi bhratacha éagsúla agus atá curtha leis an leabhar seo