Le Gradam is le Spraoi
- 0.5 KG:
€12.00
Cnuasach béaloidis ó thrí Scoil Náisiúnta in Iorras i gContae Mhaigh Eo – Gleann na Muaidhe, Ros Dumhach agus Port Dorlainne – a bailíodh faoi Scéim na Scol 1937–1938.
Sa bhliain 1937 cuireadh tús le Scéim na Scol, scéim a chuir na milte daltaíbunscoile ag bailiú béaloidis ar bhonn leitheadach leanúnach ar feadh ocht mídhéag. D’éirigh chomh maith leis an scéim gur cuireadh níos mó ná leathmhilliún leathanach béaloidis i dtaisce i gCoimisiún Béaloideasa Éireann då barr.
Ar na scoileanna a ghlac páirt san obair seo, bhí trí scoil bheag i nGaeltacht lorrais i gCo. Mhaigh Eo – S.N. Phort Durlainne, S.N. Ros Dumhach agus S.N. Ghleann na Muaidhe. I genuasach na ndaltaí lorrasacha sin bhí idir sheanscéalta, fhinscéalta, amhráin, phaidreacha, sheanfhocail agus tomhaiseanna mar aon le cur síos ar chomharthaí aimsire, ar leigheasanna, ar áitainmneacha, ar cheardanna a ndúiche agus ar phisreoga agus ar nósanna a muintire, ar a saol agus ar a dtimpeallacht.
Mar aon le bailiúcháin eile an Choimisiúin is faoi chúram Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath atá Lámhscríbhinní na Scol ó 1971 i leith. Foilsíodh an cnuasach a rinne daltaí S.N. Cheathrú Thaidhg, scoil eile de chuid lorrais, in 1987 agus tá an dara tiomsú as an cheantar chéanna á chur ar fáil anois ag eagarthóirí an chnuasaigh sin – Séamas Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin.




