Leabhar Breatnach – Scéal Artúir 1 + 2
- 0.5 KG:
€15.95
Arthur: L’épopée celtique 1 & 2 / Arthur The Legend. Seaghán Ó Modhráin a d’aistrigh. Ré achrannach athraitheach ba ea an Ré Dhorcha ar fud na
hEorpa. I ndiaidh dóibh 300 bliain a chaitheamh i réim sa
Bhreatain, d’imigh na Rómhánaigh ag fágáil na mBreatnach
i gceannas ar Oileán na gCumhachtach arís. Bhí tír na
mBreatnach faoi shíorionsaí ag na Sasanaigh chreachacha.
Agus achrann is cogadh gan deireadh ar siúl idir na Breatnaigh
féin, is éard a bhí ag teastáil ón mBreatain ná ceannaire
cumasach calma a ghríosódh na daoine is a chuirfeadh an
ruaig ar na hionróirí. Is é Artúr a rachadh i mbun an chúraim
sin agus is éard a bhí i ndán dó ná na Breatnaigh a chur in
ardréim arís. Maireann a chlú is a cháil go fóill is tá Artúr chomh
diamhair inniu is a bhí riamh.