Skip to main content

Leabhar Mhaidhc Dháith – Scéalta agus Sea

  • 2 KG:
  • An Sagart
  • Máirtín Verling
  • 9781903896327
Praghas

24.00


Tosaíonn an leabhar seo le beatha Mhichil Turraoin – Maidho Dháith (1878-1966), Baile Uí Churraoin, an Rinn, curtha le chéile go slachtmhar ag an eagarthóir, Máirtín Verling. Tá anseo ina theannta sin ar bailíodh de bhéaloideas agus de sheanchas ó Mhaidhe ag bailitheoirí ainmniúla. Is éach-tach an saibhreas seanchals atá i gceist, seanchas faol gach gné de shaol na tuaithe, istigh agus amuigh, idir uirlis, ainmhí agus éan. Tá seanchas farraige anseo chomh maith le seanchas tíre. Tá breis ar ndóigh faoin duine – baill an choirp, meon aigne, creideamh, piseoga agus draíocht. Tá roinn inspéise ‘Seanchas Stairiúil’ ann.

Seanchaí seachas scéalaí ab ea Maidhc cé go bhfuil beagán seanscéalta agus scéalta teagaisc againn uaidh. Tá punann mhaith d’amhráin anseo, caointe, rannsceálta, grinnscéalta, agus amhráin a chum sé féin. Ní fhágtar caitheamh aimsire, caitheamh aimsire leanaí go háirithe, as an áireamh. Tá foroinn clabhsúir anseo ‘seanchas pearsanta’ ach is é fírinne an scéil é go bhfuil an toise pearsanta ar fud an bhaill agus gur gné é a chuireann beogacht ar leith san iomlán.

Seachas croí féin an ábhair seo, tá athinsintí, nótaí, innéacsanna daoine agus áiteanna. Mar mhaise ar an iomlán tá ‘Foclóir Mhaidhc Dháith a dhíríonn ar shaibhreas ar leith a theangan. Is mór an chomaoin atá curtha ag Máirtín Verling ar léann na Gaeilge, ar Léann Gaeilge na Rinne go háirithe agus ar shaothrú an bhéaloidis leis an leabhar ollmhór scolárata seo. Beifear ag tagairt dó go minic mar fhoinse eolais ar an Rinn, a cultúr, a saol agus a canúint ar leith Gaeilge.

 

Rugadh Máirtín Verling i gCúil Fhinn, Port Lách, Co Phort Láirge, sa bhliain 1946. Fuair sé bunoideachas i bPort Lách agus i Mala, Co Chorcaí. I gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh, a fuair sé a chuid meánscol-aíochta. Bhain sé amach B.Sc. agus M.A. i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá sé ag maireachtaint anois le fada an lá, gairid don bhfód dúchais, i mBaile an Bhuitléirigh, Co. Phort Láirge. Bhí sé ina mhúinteoir Bitheolaíochta i gColáiste De La Salle, Port Láirge, ar feadh tríocha bliain ach tá sé éirithe as a phost anois. Tá sé pósta le Emma Ní Mhurchú ó Bhaile na nAoraí, Co. Chorcaí, agus tá beirt iníon, Cáit agus Emma, acu.