Leabhar Mór na nAmhrán (Eagrán 2024)
- .8 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg, Peadar Ó Ceannabháin
- 9781909367586
€30.00
Eagrán nua de Leabhar Mór na nAmhrán le dhá dlúthdhiosca: Na hAmhráin Mhalla & Na hAmhráin Sciobtha, a chnuasaigh Micheál Ó Conghaile.
Eagrán nua den leabhar ina bhfuil 400 amhrán, chomh maith le stair na n-amhrán agus rogha acu sin anois ar fáil ar dhá CD atá leis an leabhar.
Ó cheann ceann na tíre iad, thoir, thiar, thuaidh agus theas, agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh, le breis agus tríocha saineolaí, idir scoláirí agus amhránaithe, maidir le cé dar díobh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad, an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann.
Tá amhráin bheaga agus amhráin mhóra anseo, iad fada agus gearr, mall agus sciobtha, sean agus óg, fios againn cé a chum cuid acu, muid idir dhá (nó trí) chomhairle maidir lena thuilleadh acu agus gan tuairim againn cé a chum an chuid eile.
Tugann an saothar seo léargas cuimsitheach don saineolaí agus don léitheoir ginearálta araon ar fhás, ar chumadh, ar scaipeadh agus ar léiriú thraidisiún na fonnadóireachta Gaeilge anuas go dtí ár linn féin.
*Nóta ón siopa: Níl nótaí ceoil sa leabhar seo ná ní raibh in aon eagrán eile de. Tá focail na n-amhrán ann.