Skip to main content

Leas na Gaeilge, Leas an Stáit

  • 0.2 KG:
  • Coiscéim
  • Breandán Mac Cormaic
  • 6660012110650
Praghas

10.00

Stoc ar fáil


Seo an dara cnuasach léachtaí ón bhforam Diospóireachta. Tugadh iad ag seimineár a fionóladh i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine na bliana seo or tugadh “Leas na Gaeilge, Leas an Stáit” mar ainm air. Is páirtnéireacht í an Fóram seo, comhdhéanta de cheithre eagraíocht: an Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnamh (MSTT), Conradh na Gaeilge, Gael Linn, agus Coiscéim. Aontaíodh, i measc na spriocanna atá leagtha amach ag an ngrúpa, go gcuirfí béim sa phlé ar staid, stádas, cultúr is tábhacht na Gaeilge agus ceist na féiniúlachta in Éirinn ár linne, chomh maith le cioradh a dhéanamh ar gach gné de shochaí reatha na tíre.

Pléitear sa chnuasach seo ceist na Gaeilge i gcomhthéacs reatha na tíre agus cé chomh hábharach is atá sí don chomhthéacs sin. Tá anailís ann freisin ar chur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain agus cur síos ar staid reatha na Gaeilge ó thuaidh. Cainteanna spreagúla dushlánacha iad a chuirfidh leis an bplé náisiúnta atá ar súil i láthair na huaire faoi thodhchaí na tíre.