Skip to main content

Lia! – Leabhar 2 – Samhradh, Samhradh

  • .4 KG:
  • Dalen Éireann
  • Julien Neel, Méadhbh Ní Eadhra (aist)
  • 9781913573911
Praghas

9.95


Tá Lia agus a máthair ag caitheamh an tsamhraidh faoin tuath le Mamó, seanmháthair cantalach Lia. Tá sé deacair réiteach léi ach ‘sí Mamó í agus mar sin ní mór caitheamh léi le grá agus le meas… agus cur suas léi!

Casann máthair Lia le seanstócach nó dhó agus iad ag crochadh thart ar an tsráidbhaile, ach níl splanc ar bith eatarthu anois, go mór mór agus í gafa le Ruaidhrí, an comharsa dathúil sa bhaile. Agus an bhfuil Lia ar tí titim i ngrá le stócach nua, ós rud é go bhfuil Tristan tar éis í a thréigeadh?