Skip to main content

Liadain

  • .4 KG:
  • Leabhar Breac
  • Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Chrissie Dervin
Praghas

€18.00


Anáil na beatha curtha sa tSean-Ghaeilge

Saothar úrnua a d’eascair as seansaothar ón naoú haois, Comrac Liadaine ocus Cuirithir, is ea Liadain, seanscéal a bhfuil anáil na beatha curtha ann ag an bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh. I gcruth pictiúrleabhair don duine fásta i gcomhar leis an ealaíontóir Corcaíoch Chrissie Dervin a thagann an saothar seo chugainn.

Banfhile na meánaoise á aithris dúinn ag banfhile ár linne féin.

Saothar suaithinseach agus ócáid liteartha ar leith is ea Liadain, saothar a chuireann inár láthair scéal bhanfhile na meánaoise agus é á aithris dúinn ag banfhile mór ár linne féin.

Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill in 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, in 2008 agus Tost agus Allagar in 2016. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach a d’fhoilsigh Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla. D’fhoilsigh Cois Life Dánta Andrée Chedid mar chuid den tsraith ‘File ar Fhile’ in 2019. D’fhoilsigh Éabhlóid cnuasach nua léi, Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile, mí na Samhna 2022.