Skip to main content

Lís Ní Shúilleabháin – Téanaim go Min Aird – scéal na Gaelainne ina dúthaigh féin agus Tuairisc Bheathaisnéiseach

  • 1 KG:
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Roibeard Ó Cathasaigh
Praghas

20.00


Scéal na Gaelainne i ndúthaigh Líse Ní Shúilleabháin (1923-2009) agus Tuairisc Bheathaisnéiseach óna peann.
Cóirithe agus curtha in eagar ag Roibeard Ó Cathasaigh.
Bean a chaith furmhór a saoil ag teagasc i mBaile átha Cliath ab ea í Lís Ní Shúilleabháin, agus a d’fhill ar a fód dúchais nuair a d’éirigh sí as. Scéalaí aitheanta ab ea í agus seanchas a ceantair féin ar a toil aici. Tá cuntas breá sa leabhar ar an saol mar a bhí le linn a hóige agus tuairimíocht Líse ar an todhchaí. Bean go raibh spiorad innti ab ea í. Is tráthúil an tuairisc atá sa leabhar ar an nGaeilge i Lios Póil le linn Líse – toisc na dúshláin atá roimis gach pobal Gaeltachta fé láthair.
Chuir Roibeard Ó Cathasaigh aithne ar Lís sna 70í nuair a bhí an bheirt acu ag teagasc ar choláiste samhraidh i Lios Póil. Bhí sí toilteanach taifeadaí a dhéanamh do agus ina dhiaidh sin scríobh sí cuntais do. Toradh na hoibre sin atá sa leabhar Téanam go Min Aird – a bhuíochas do Roibeard.