Logainmneacha Dhún Chaoin Co. Chiarraí
- 0.5 KG:
- Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta
- Éamonn Ó hÓgáin, John Kennedy
Praghas
€25.00
Thuill Dún Chaoin cáil mar gheall ar shaibhreas na Gaeilge ann agus mar gheall ar fheabhas agus ar líon a scríbhneoirí ó thosach ré na hAthbheochana. Bhí agus tá a n-ainmneacha in airde i bhfad is i ngearr, in Éirinn féin agus ar fud an domhain.
Is féidir linn an dúchas fuinniúil as ar fáisceadh na scríbhneoirí sin a aithint as logainmneacha an cheantair. Tá na logainmneacha san mar a bheadh léaspairt ar scéal an pharóiste agus a thugann léargas ar chuid de na daoine a mhair ann.
Sa leabhar seo tá:
- 800 logainm de chuid Dhún CHaoin le foghraíocht agus nótaí eolais
- 28 mapa ar a léirítear suíomh na láithreacha go cruinn
- 11 aiste i dtaobh na mbailte fearainn agus a stair
- 16 léiriú de radharcanna agus de shuíomhana sa pharóiste
- Cuntas beacht ar dhaonra an pharóiste ó 1835 go 1911