Skip to main content

Lorcán Ó Tuathail – Drámadóir Mhaigh Cuilinn

  • .4 KG:
  • Arlen House
  • Lorcán Ó Tuathail, Nollaig Mac Congáil
  • 9781851321704
Praghas

15.00


Rugadh Lorcán Ó Tuathail i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1870 agus, gí nár gealladh saol fada dó, bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge i scoil Theach na mBocht i nGaillimh, áit ar scríobh sé a chuid drámaí, ina mhúinteoir taistil i gCo. Mhuineacháin agus i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus, i ndeireadh ama, ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí. Chomh maith leis an dráma An Deoraí a raibh an-tóir air ar feadh na mblianta, scríobh sé drámaí eile, ina measc, Lá an Chíosa agus Dónall Diaganta.

Tá saothar iomlán Lorcáin Uí Thuathail, an méid a raibh teacht air, ar fáil anois sa leabhar seo atá curtha in eagar ag Nollaig Mac Congáil chomh maith le cuntas ar a shaol.