Máire Nic Artáin
- 0.3 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Séamus Ó Néill
€8.00
Scéal grá i lár choimhlintí móra an tsaoil. Fadhbanna na Sé Chontae á ríomh i sárúrscéal atá suite sa tréimhse díreach roimh chríochdheighilt na hÉireann – díshealbhú, Caitlicigh vs Protastúnaigh, an grá, pósadh measctha, iarracht duine aonair a bheith ina dhroichead idir an dá thaobh, an dá chreideamh, an dá chúlra polaitiúil, le héalú ón uaigneas nach raibh éalú uaidh . . . Dhá chogadh ar siúl i saol na hÉireann agus Shasana . . . Cogadh uaigneach cráite eile i gcroí cailín óig i lár an tsaoil chrua seo nach raibh aon taobh sásta orlach a ligean leis an taobh eile . . . Plus ça change . . .
Molta ag foireann An Siopa Leabhar:
Is é an grá bunchloch an úrscéil seo. Ach taobh leis an ngrá atá idir Máire agus Seoirse, tá dúbailteacht leis an bplota de bharr an chreidimh, phósadh measctha, chúlra pholaitiúil, agus an cogadh idir Shasana agus Éireann. Tríd an úrscéal, déantar neart tagairtí do na dúbhailteachtaí seo. Tá siad faoi bhrú agus strus de bharr an mheoin atá ag an bpobal timpeall orthu ar an dúchas agus dílseacht. Is sárúrscéal é seo a bhfuil téama láidir de shaol na mban óg i gcomparáid le saol na bhfear óg, saol na cathrach i gcomparáid le saol na tuaithe, an creideamh agus an pholaitíocht (leis an gCéad Chogadh Domhanda agus An Rialtas Baile sa chúlra), agus an saol nua-aimseartha. Sílim féin gur úrscéal iontach é seo de bharr an ábhair chontrártha atá idir an bheirt ó thaobh cúrsaí pholaitíocht go ról an inscne de, ach anuas air sin tugtar léargas dúinn ar an gcoimhlint sa Tuaisceart. [Stiofán]





