Máiréad Ní Ghráda – Ceannródaí Drámaíochta
- 0.35 KG:
€7.50
In stock
Bean neamhspleách ildánach ab ea Máiréad Ní Ghráda a raibh saol an-spéisiúil aici. D’oibrigh sí mar rúnaí ag Earnán de Blaghad sa chéad Dáil agus le linn an chogaidh chathartha. Ise a chuir tús le cláracha do pháistí ar an stáisiún raidió 2RN sa bhliain 1926. Nuair a ceapadh i mar phríomhchraoltóir an stáisiúin an bhliain dár gcionn bhí sí ar an gcéad chraoltóir mná sna hoileáin seo. Chaith sí na blianta fada mar eagarthóir ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Brún & Ó Nualláin agus is í Máiréad a réitigh na leaganacha Gaeilge den tsraith ‘Ladybird’.
Má chuir polasaí Gaeilge Amharclann na Mainistreach gona héileamh ar ghearrdhrámaí amháin bac le forás Mháiréad mar dhrámadóir, fós féin thug na blianta a chaith sí ag scríobh don Amharclann deis di barr feabhais a chur ar ealaín na ceirde. Is le bunú an Damer sa bhliain 1955 a tháinig talann Mháiréad faoi bhláth, agus is ar an dráma dúshlánach ‘An Triail’ is mó atá a cáil bunaithe. Dráma conspóideach a thug aghaidh go dána ar fhadhb shóisialta na máthar single. Dráma fiontrach a bhris talamh úr de bharr na dteicníochtaí avant garde a úsáideadh. Dráma den scoth a d’eascair as an gcomhthuiscint idir Máiréad Ní Ghráda mar scriptscríobhaí agus Tomás Mac Anna mar léiritheoir.