Skip to main content

Máirtín Ó Cadhain 2020

  • .8 KG:
  • CLÓ Léann na Gaeilge
  • Eoin Mac Cárthaigh, Pádraig de Paor
  • 9781739255190
Praghas

25.00


In eagar ag Eoin Mac Cárthaigh agus Pádraig de Paor.

Ceapadh Máirtín Ó Cadhain ina léachtóir le Gaeilge i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide sa bhliain 1956. Ba é Ollamh na Gaeilge é ag am a bháis in 1970. Is é atá sa leabhar seo léachtaí a tugadh ag Máirtín Ó Cadhain 2020, comhdháil lae a reáchtáil Roinn na Gaeilge mar cheiliúradh ar a shaol is ar a shaothar, leathchéad bliain tar éis a bháis.

Tá idir pháipéir phearsanta is pháipéir acadúla le fáil anseo. Osclaíonn an leabhar leis an aitheasc a thug Seán Ó Cadhain chun tús a chur leis an gcomhdháil. Pléann Cathal Ó Háinle litreacha Uí Chadhain chuig Eoghan Ó hAodha. Iniúchann Mícheál Briody páipéir an Chadhnaigh i gColáiste na Tríonóide agus i gcartlanna eile. Roinneann Gearóid Denvir a chuimhní Cadhnacha linn. Tugann Alan Titley a aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le saothar an Chadhnaigh a aistriú. Faighimid léargas ar obair foclóireachta Mháirtín ó Cholm Ó Cuaig agus Charles Dillon, agus díríonn Máirín Nic Eoin, Máire Ní Annracháin, Caitlín Nic Íomhair, Ian Ó Caoimh agus Pádraig de Paor ar ghnéithe éagsúla de litríocht chruthaitheach Uí Chadhain.