Skip to main content

Maith thú a Mhicí – Eagrán 2026

  • .4 KG:
  • Éabhlóid
  • Micí Sheáin Néill Ó Baoill
  • 9781914482250
Praghas

15.00


Bailiúchán de scéalta eachtraíochta ón scéalaí Micí Sheáin Néill Ó Baoill. Is scéalta iad a hinsíodh cois teallaigh siar na glúnta agus a bhí mar shiamsaíocht agus mar chaitheadh aimseartha ag muintir na Gaeltachta sula raibh raidió nó teilifís ann. Tháinig scoláirí agus bailitheoirí béaloidis as gach cearn le héisteacht le scéalta Mhicí agus is é seo an chéad bailiúchán dá chuid scéalta a foilsíodh. Tá scéalta ann faoi ríthe agus faoi laochra, faoi gnáthdhaoine a chas le daoine neamhghnách, faoi bheathaigh allta agus síoga, agus scéalta iad uilig a tháinig ó shamhlaíocht agus ó ghreann na ndaoine. Tá saibhreas sna scéalta ach tá siad furast a rá agus a fhoghlaim mar gur ó bhéal go béal a tháinig siad agus scríobhadh síos iad go díreach mar a dúirt Micí iad. Tá ceisteanna ag deireadh an leabhair a bheadh úsáideach do sheomra ranga agus tá na scéalta iad féin iontach fóirsteanach do chomórtais scéalaíochta.

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Ba as Rann na Feirste i dTír Chonaill do Mhicí Sheáin Néill. Bhí cáil mhór air i rith a shaoil mar scoth an scéalaí agus ba mhinic é ag aithris scéalta ag oícheanta airneáil ina theach féin nó ag ócáidí eile ar fud na tíre. Bhíodh sé le cluinstin ar raidió in amanta agus foilsíodh roinnt leabharthaí dá chuid scéalta agus seanchais in imeacht na mblianta. I measc na leabharthaí a foilsíodh, tá Maith thú, a Mhicí (1956), Lá de na Laethaibh (1983) agus Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill (2021). Tá cuid dá scéalta le cluinstin ar an cheirnín Scéalta Aduaidh a chuir Gael Linn amach in 1962. In 1993, d’fhoilsigh Cathal Póirtéir cuntas ar shaol agus ar shaothar Mhicí sa leabhar Micí Sheáin Néill: Scéalaí agus Scéalta. Bhí scéalta á n-insint sa bhaile i dteach Mhicí ó bhí sé ina pháiste óg nó ba scéalaí aitheanta a bhí ina athair, Seán Néill, agus a athair mhór Niall, agus d’fhoghlaim Micí léar scéalta uathu. Fuair Micí Sheáin Néill bás ar an 19 Márta 1981 agus bhí scothscéalaí agus ardcheardaí ar lár lena bhás.

Eolas Ábhartha Eile:

Tá ceisteanna ar chúl an leabhair a dhéanann fóirsteanach an leabhar seo do ranganna Gaeilge.