Skip to main content

Marbháin thíos fúm

  • .5 KG:
  • Coiscéim
  • Jake Mac Siacais
Praghas

12.50


“Bhí marbháin thíos fúm agus fear marbh sa mhuallach orm!” a bhéic sí in ard a glóir agus í ag réabadh fríd doras Tí Ned mar a bheadh camhfheothan inti…

San úrscéal seo buaileann muid le Des, stócach ó Bhéal Feirste, agus é i gcomhluadar Chonchúir, John Pat agus Ned, triúr rógaire as Droim na Muice i dtuaisceart Chiarraí. Bíonn idir eachtraíocht, dhiabhlaíocht agus chraic againn i gcomhluadar na leaids seo agus iad ag casadh lena gcairde i dtithe tábhairne éagsúla i gCiarraí.

Ar ndóigh, ní ann do Dhroim na Muice, agus ní fíordhaoine iad Conchúr, John Pat nó Ned. Cosúil le gach carachtar agus gach eachtra sa scéal, is ó shamhlaíocht an údair amháin a shíolraíonn siad. Casadh daoine mar iad agus eachtraí mar iad ar dhuine ar bith a chaith am i bpubanna tuaithe na hÉireann, áfach…

Rugadh Jake Mac Siacais i mBéal Feirste i 1958. Tá sé pósta le Chrissie agus tá cúigear clainne orthu. Cé gur Feirsteach go smior é, tá cuid mhaith den domhan siúlta aige. D’fhoilsigh Coiscéim Ón Taobh Istigh, ina gcuireann sé síos ar a thaithi féin ar an choimhlint ó thuaidh, chomh maith lena chéad úrscéal, Tearmann na Mara.