Skip to main content

Méarchlár don Ghaeilge – MC-105U1 – Nascanna.com

  • .5 KG:
  • Dúrud Teoranta
Praghas

20.00

Stoc ar fáil


Tá méarchlár forbartha ag nascanna.com (Dúrud Teoranta) ina bhfuil fáil ar ghutaí fada ar chnaipí dá gcuid féin: tá cnaipí ar leith ann do na litreacha á, ú, ó, é, agus í – ar an gcaoi chéanna agus a bhíonn socruithe sainiúla ann do theangacha eile na hEorpa agus go deimhin an domhain.

Is féidir freisin na consain bhuailte (ḃ, ċ, ḋ, ḟ, ġ, ṁ, ṗ, ṡ, ṫ) a aimsiú trí leas a bhaint as an gcnaipe AltGr chomh maith.

Forbraíodh an méarchlár i gcomhpháirt leis an gcuideachta teicneolaíochta mSemicon. Bíonn mSemicon gnóthach ag forbairt agus ag soláthar táirgí teicniúla de gach cineál.

Tá bealaí chun an méarchlár a chur ag obair le Windows. Ní oibríonn sé ar Linux, ach dá bhféadfá cuidiú leo is fiú teagmháil a dhéanamh le Dúrud! Ní léir go n-oibreodh sé le ríomhairí Apple.

Féach nascanna.com don treoir faoi chonas é a chur i bhfeidhm ar do ghléas féin:

https://nascanna.com/mearchlar/