Mise an Mac San – Ag cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire / I am That Son
- 0.5 KG:
€18.00
Stoc ar fáil
“Mise an Mac San” ag cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire
Ba cheannródaí ar mhórán slite é an tAthair Peadar: scríobh sé an chéad dráma agus an chéad úrscéal riamh i nGaeilge. Níor chuir an tOllamh Brian Ó Cuív fiacail ann maidir leis an éacht déanta ag an sagart beag folt-liath ó Mháchromhtha.
[Is] dócha ná beadh aon nualitríocht ar fónamh sa Ghaeilge anois againn mara mbeadh a dhaingne a sheasaimh an tAthair Peadar ar fód ar son na Gaeilge beo agus a dhíograise a sholáthraigh sé ábhar léitheoireachta inti.
Ach, cé gur sheol na tréithe ceanndána seo ar bhealach a leasa é, spreag na tréithe céanna scoláirí na linne seo chun amhras a chaitheamh ar a íomha románsaithe. Níorbh fhéidir é a idéalú a thuilleadh mar shaoi lách agus aird tarraingthe ar litreacha a nocht go bhféadfadh sé bheith cantalach ar uairibh. Agus ansin tá an teoiric ann go raibh a chuimhne ag cliseadh air nó go raibh sé tugtha don chumadóireacht chun botúin ina dhírbheathaisnéis a mhíniú.
Agus a chomóradh céad bliain i 2020, is meabhrú tráthúil é an leabhar seo ar fhear fíor-shuimiúil. Is machnamh é freisin ar conas an dá thrá a fhreastail idir an dearcadh maoithneach air a bhí i réim tráth agus an dearcadh searbh air atá tagtha ina áit ó shin. Agus sinn ag cuimhneamh ar an Athair Peadar, an féidir é a chomóradh i slí a thugann cothrom na Féinne don fhear féin agus lucht a cháinte?




